News

Irish Language Senior Visiting Scholar appointed

August 31, 2011

An Dr. Regina Uí Chollatáin agus an Tánaiste Eamon Gilmore

Is cúis mhór áthais dúinn a fhógairt gurb í an Dochtúir Regina Uí Chollatáin an tOllamh Cuairte don bhliain acadúil 2011 – 2012 i St. Mary’s University, Halifax faoi Chlár Gaeilge Fondúireacht Ollscoil Éireann Ceanada atá á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Deir an Dochtúir Padraig Ó Siadhail, St Mary’s University:

“Is mór an onóir dúinn i gClár an Léinn Éireannaigh i Saint Mary’s University go mbeidh an Dochtúir Regina Uí Chollatáin inár dteannta don bhliain acadúil 2011-12 mar Ollamh Cuairte faoin Chlár Gaeilge atá á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta is atá á riar ag Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada (ICUF). Deis iontach é an ceapachán seo a ligfidh dár gcuid mac léinn a bheith ag obair le scoláire sinsearach i léann na Gaeilge. Ceapachán tábhachtach é fosta a ardóidh go mór próifíl na Gaeilge is seasamh chultúr na hÉireann sa phobal taobh amuigh den ollscoil.”

Rugadh agus tógadh Regina Uí Chollatáin i nDún na nGall agus tá sí ina cónaí i Laois faoi láthair. Is í an Stiúrthóir ar Lárionad de Bhaldraithe do Léann na Gaeilge, COBÁC í, agus is léachtóir le Gaeilge í i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, COBÁC. Is iad na príomhréimsí taighde agus ábhar foilsithe aici ná, meáin chló agus chraolta na Gaeilge, ré na hAthbheochana, mar aon le nualitríocht agus critic na Gaeilge. Is iad na leabhair atá foilsithe aici ná An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932 mar aon le clár iomlán an nuachtáin ar dhlúthdhiosca (Cois Life, 2004), Iriseoirí Pinn na Gaeilge (Cois Life, 2008), agus P.H. Pearse: Life and After-Life. Pádraic Mac Piarais: Saol agus Oidhreacht (Comh-eagarthóir, Irish Academic Press, 2009). Tá ailt foilsithe aici in irisí éagsúla acadúla agus in irisí eile chomh maith. Tá cainteanna tugtha aici ag comhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta. Glacann sí páirt rialta i gcláracha sna meáin Ghaeilge a chlúdaíonn ábhair éagsúla idir chúrsaí reatha agus chúrsaí litríochta, agus is ball í de Bhord TG4. Díríonn an taighde is déanaí da cuid,'”Scéal na nGael”. Athláithriú phobal na Gaeilge sna meán chló agus ar líne’, ar thionchar na meán Gaeilge ar phobal náisiúnta agus idirnáisiúnta na Gaeilge, ó fhréamhacha tosaigh na gcleachtaí traidisiúnta scríbhneoireachta, anuas go fóram iriseoireacht na Gaeilge san aonú haois is fiche. Díreoidh sí ar an taighde seo mar Ollamh Chuairte sa Ghaeilge i Roinn na Gaeilge, St Mary’s University, Halifax, mar chuid dá ceapachán ag Fondúireacht Ollscoil Éireann-Cheanada 2011-2012.

*******

The Ireland Canada University Foundation is very pleased to announce the appointment of Dr Regina Uí Chollatáin to the position of Senior Visiting Scholar, to St. Mary’s University in Halifax, under the ICUF Irish Language Programme, which is supported by the Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht.

Dr Regina Uí Chollatáin, a native of Donegal and now living in Laois, is the Director of the UCD de Bhaldraithe Centre for Irish Language Scholarship, and a lecturer in Modern Irish in the UCD School of Irish, Celtic Studies, Irish Folklore and Linguistics. Her main areas of published research in both Irish and English include, print and broadcast Irish language media, the Revival period, and modern Irish literature and criticism. She has published widely in academic and other journals, and her books include An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932 along with digitised index (Cois Life 2004), Iriseoirí Pinn na Gaeilge (Cois Life, 2008), and P.H. Pearse: Life and After-Life. Pádraic Mac Piarais: Saol agus Oidhreacht (co-editor, Irish Academic Press, 2009). She has also given lectures at national and international conferences and events. She participates regularly in Irish language media programmes in many areas from current affairs to literature, and she is a member of Bord TG4. In her appointment by the Ireland-Canada University Foundation as Visiting Irish Language Professor in St Mary’s University, Halifax, she will focus on her most recent research, ‘”Scéal na nGael”. The representation of the Irish language community in print and online media’. This research examines the impact of Irish language print and online media on the Irish language national and international community, from its roots in traditional writing practices, to the present day twenty-first century journalistic platform.