News

Aisling Ní Shírín: Tuairisc ó Toronto

December 9, 2014

Aisling (centre) with some of her students, and Santa Claus

Tá an Nollaig againn agus tá mé  ar ais i mBaile Átha Cliath arís go ceann míosa. Níl an t-áthas céanna a bhíonn faoi Nollaig orm i mbliana in Éirinn, áfach, mar go mothaím cathair Toronto go mór uaim cheana féin! Sciorr an chéad sheimeastar thart agus tá mé ag súil go mór le níos mó Gaeilge a mhúineadh in Ollscoil Toronto san athbhliain.

Tá fuinneamh as cuimse le brath i lár chathair Toronto, áit a bhfuil campas na hOllscoile suite. Cuireann caitheamh rábach a saoránach cathair Bhaile Átha Cliath i ré an Tíogair Cheiltigh i gcuimhne dom. Bíonn carranna snasta, luisiúla, nua le sonrú chuile áit, agus coisithe saibhre na cathrach ag siúl ó shiopa go siopa le héadaí faiseanta, galánta orthu.

Tugann campas na hOllscoile féin Hogwarts i mo cheann, bhí mé  faoi gheasa ag áilleacht a foirgneamh ón gcéad lá a leag mé súil orthu, is geall le bheith sna flaithis domsa é! Ach caithfidh gurb é an rud is fearr faoin áit ná dearcadh na mac léinn i leith na Gaeilge. Tá flosc mór orthu chun an teanga a fhoghlaim agus anuas air sin tá rún daingean acu staidéar a dhéanamh ar chultúr na hÉireann, mar gurb í Éire an áit arbh as formhór a sinsearach.

Ag tús na bliana acadúla chuir mé  Ciorcal Comhrá ar bun chun na mic léinn a spreagadh an Ghaeilge a labhairt lasmuigh den seomra ranga. Múinim ranganna idir bhunleibhéal agus mheánleibhéal sa choláiste agus chuir mé fáilte roimh chách freastail ar an gCiorcal chuile sheactain. Chuaigh drithlín gliondair tríom nuair a d’éirigh lenár gCiorcal cabhrú leis an gcuriarracht domhanda a shárú mar chuid de Chomhrá ’14, togra a chuir Conradh na Gaeilge ar bun don chomhrá Gaeilge is faide riamh ar domhain.

Comhrá'14

Ach measaim gurb é “Gaeilge 24” sméar mhullaigh an tseimeastair dom. Ghlac 20 mac léinn cróga ón gCiorcal Comhrá páirt ann. Feachtas nua ba ea é, a reachtáil Conradh na Gaeilge, a chuir iachall ar dhaltaí is ar mhic léinn na hÉireann an Ghaeilge amháin a labhairt ar feadh lá iomláin. Bhí a fhios agam nach mbeadh sé rófhurasta do na mic léinn tabhairt faoi seo agus iad ina gcónaí i gCeanada, ach bhí siad tiomanta é a dhéanamh! Chonaic mé dóibh  gurbh ábhar mórtais í an Ghaeilge, rud a chuir aoibheall orm. Chaith siad t-léinte dearga don lá agus rinne siad a ndícheall cumarsáid a dhéanamh le mic léinn eile ar champas trí mheán na Gaeilge. Agus in ainneoin nár thuig chuile dhuine i gceart iad, de bharr baic theanga, bhí sceitimíní  orthu í a labhairt! Rinne siad éacht ar an lá leis an dúshlán agus táim an-bhrodúil go deo astu.

Tá an taithí mhúinteoireachta seo ag saibhriú m’intinne. Tá saol den scoth agam in Toronto i measc na ndaoine dearfacha, díograiseacha seo. Is trua liom é go mbeidh orm an saol neamhbhuartha, neamhaí atá agam ann a fhágáil i gceann cúpla mí!

– Aisling Ní Shírín, Teagascóir Gaeilge, St. Michael’s College, University of Toronto 2014-15.