Bronnadh Dámhachtainí – Tuairisc ó Scoláire

Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. Minister of State at the Deparment of Arts, Heritage and the Gaeltacht
A report from scholar, Liam Ó hAisibéil, on the 2013-14 scholarship awards ceremony.
Ar an 29ú Iúil, 2013, thug an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. cuairt ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua chun dámhachtainí a bhronnadh ó Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann-Cheanada (ICUF) ar chúigear déag foghlaimeoirí Gaeilge as Ceanada agus ar sheachtar Teagascóirí Gaeilge de chuid an ICUF.
Bhronn an tAire Mac Fhionnlaoich fáinní airgid ar na scoláirí a bhuaigh Dámhachtainí Samhraidh na Gaeltachta 2013 a thug deis dóibh mí a chaitheamh ag foghlaim na Gaeilge ag Ionad an Acadaimh ar an gCeathrú Rua. Bronnadh teastais ar na Teagascóirí Gaeilge a ndeachaigh go Ceanada ag deireadh Lúnasa d’fhonn ranganna Gaeilge a mhúineadh in ollscoileanna ar fud Cheanada. D’fhreastail ionadaí ó Ambasáid Cheanada ar an ócáid mar aon le hionadaithe ón ICUF agus ó Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Le linn an tsearmanais, luaigh an tAire Stáit go raibh i bhfad níos mó i gceist le ról an Teagascóra Gaeilge ná bheith ag múineadh na Gaeilge amháin. Dúirt sé go raibh ról breise le comhlíonadh ag na Teagascóirí mar ambasadóirí cultúrtha agus iad thar sáile, chun gnéithe de chultúr agus de theanga na hÉireann a léiriú agus a scaipeadh i measc pobal níos leithne i gCeanada.
Bronnadh dámhachtainí ó Choimisiún na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil (Coimisiún Fulbright) ar fhoghlaimeoirí Gaeilge as na Stáit Aontaithe ar an lá freisin. Ag an bhfáiltiú i ndiaidh na hócáide, bhí deis ag na foghlaimeoirí agus na teagascóirí bualadh le chéile chun moltaí agus taithí a mhalartú maidir leis an saol thall ‘is abhus agus tá na teagascóirí Gaeilge uile ag súil go mór le haistriú go Ceanada ag deireadh na míosa seo.
– Liam Ó hAisibéil, Teagascóir Gaeilge, St. Mary’s University 2013-14