News

Cín Lae Kelsey Everett: Mo Sheal mar Scoláire Gaeilge de chuid ICUF i gConamara, 201

October 30, 2017

Is as an Learpholl in Albain Nua, Ceanada, do Kelsey Everett. Is mac léinn de chuid an Léinn Éireannaigh in Ollscoil Mhuire Naofa, Halifax, í. Tá Kelsey ag foghlaim Gaeilge le dhá bhliain anuas. Bhronn Ollscoil Mhuire Naofa scoláireacht Ghaeilge de chuid ICUF uirthi sa bhliain 2016 le freastal ar chúrsa Gaeilge 3 seachtaine in Áras Mháirtín Uí Chadhain, campas de chuid Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh, ar an gCeathrú Rua, Conamara. Ghnóthaigh Kelsey scoláireacht eile uainn i mbliana chun mí a chaitheamh ar ais  i gConamara arís. Seo thíos a cín lae ón dara tréimhse sin.

Kelsey Everett is from Liverpool, Nova Scotia, Canada. She is a student in the Irish Studies programme at Saint Mary’s University, Halifax. Kelsey has been learning Irish for two years. Saint Mary’s University awarded her an ICUF Irish-language scholarship in 2016 to attend a three-week Irish-language course in Áras Mháirtín Uí Chadhain, NUIG’s campus in an Cheathrú Rua, Conamara. We awarded Kelsey a second ICUF scholarship this year to spend a month back in an Cheathrú Rua this past summer. This is her daily journal from that month’s stay.

Iúil 14, 2017

Tá mé ar an gCeathrú Rua anois! Tá áthas an domhain orm. Níor chodail mé ar chor ar bith ar an eitleán. Beidh mé ag fanacht le Lucy Uí Fhátharta go ceann míosa. D’fhan mé le Lucy nuair a bhí mé anseo anuraidh. Is bean an-deas chairdiúil í. Tá mé in aon seomra le cailín eile. Rachael an t-ainm atá uirthi. Bhuail mé léi anseo anuraidh. Tá sí sé bliana is fiche d’aois agus is duine cainteach í. Tá sceitimíní orm agus mé ag fanacht le tús an chúrsa.

 

Iúil 15, 2017

Thosaigh na ranganna inniu. Is í Tara mo mhúinteoir. Tá Rachael i mo rang. Is maith liom an rang, níl sé rómhór ná róbheag. Agus tá daoine cairdiúla i mo rang. Ceapaim go mbeidh spraoi go leor againn sa rang seo. Tá súil agam nach mbeidh an rang ródheacair. Chuaigh muid go dtí An Chistin anocht i ndiaidh an dinnéir. Ba mhór an spraoi é. D’éist muid le ceol agus bhí craic againn! Agus ansin, chuaigh mé go dtí An Chipper Beag. Cheannaigh mé sceallóga le curaí. Bhí siad an-bhlasta.

 

Iúil 16, 2017

Chuaigh muid go dtí Teach an Phiarsaigh inniu. Tá sé go hálainn ann. Lá deas gréine a bhí ann. Ní raibh an aimsir róthe. Tá Teach an Phiarsaigh in aice le Loch Eileabhrach. Tá radharc breá ag an teach ar an loch agus na sléibhte. Tá ionad cultúrtha nua ann. Tá eolas agus rudaí suimiúla eile le fáil ann. Bhí sé go han-deas. D’fhoghlaim mé go leor faoi Phádraic Mac Piarais agus a theaghlach. Cheannaigh mé cúpla cárta poist ag an ionad cultúrtha. Chuaigh na scoláirí i mo theach go dtí an teach tábhairne arís anocht.

 

Iúil 17, 2017

Shiúil mé chun na farraige le Rachael anocht. Bhí an radharc go han-álainn. Bhí an aimsir go hálainn freisin. Ní raibh sé róbhrothallach agus ní raibh sé ag cur báistí. Thóg mé go leor grianghraf. Chonaic muid bád beag san uisce, agus chonaic muid corr éisc mhór ar na carraigeacha. Bhí an tsiúlóid go deas.

 

Iúil 18, 2017

Thug foireann shiopa leabhar Gaeilge cuairt ar an Acadamh ar maidin. Bhí gach sórt leabhair ag an siopa. Cheannaigh mé Foclóir Gaeilge-Béarla, agus Buille Marfach le hAnna Heussaff. Tá cuma shuimiúil ar Buille Marfach. Ag a hocht a chlog, chuaigh muid go dtí an scoil don amhránaíocht ar an Sean-Nós le Brian Donnacha. Bhí sé an-bhreá, mar tá Brian go hiontach ar an bpianó. D’fhoghlaim muid ‘An Cailín Álainn,’ ‘Peigín Leitir Móir,’ ‘Oró ’sé do Bheatha ’Bhaile,’ agus ‘Téir Abhaile Riú’.

 

Iúil 19, 2017

Inniu, bhí ranganna againn go dtí a haon a chlog. D’fhoghlaim muid frásaí suimiúla sa rang. Is iad “Cuireann sé soir mé” agus “Ba bheag nár thit an t-anam asam” na frásaí is fearr liom. Tar éis a haon a chlog, chuaigh mise, Rachael, Lindsay, agus Erin go Gaillimh ar an mbus. Shiúil muid tríd an bhFaiche Mhór agus chuaigh muid go dtí ceantar na siopaí. Cheannaigh mé éadaí in Penneys agus bia feoilséantach i Supermacs. Bhain mé taitneamh as an lá.

 

Iúil 20, 2017

Inniu, d’fhoghlaim muid seanfhocail sa rang. Seo cúpla ceann acu: “Is minic a bhris béal duine a shrón”, “Cuir síoda ar an ngabhar ach is gabhar i gcónaí é”, agus “Nuair a bhíonn an t-ól istigh bíonn an chiall amuigh”. Ag a hocht a chlog, bhí céilí sa halla agus ina dhiaidh sin, chuaigh muid chuig teach tábhairne i Ros an Mhíl mar bhí ceoltóirí ag seinm ceol traidisiúnta ann. Bhí an ceol an-deas ach níor tháinig muid ar ais go dtí a leathuair tar éis a haon ar maidin, mar sin tá tuirse an domhain orm anois!

 

Iúil 21, 2017

D’fhoghlaim muid faoin tuiseal ginideach sa rang inniu. Níor fhoghlaim mé an tuiseal ginideach riamh, ach chuala mé faoi go minic. D’fhoghlaim muid an difríocht idir ‘thuas,’ ‘suas,’ ‘anuas,’ agus ‘thíos,’ ‘síos,’ agus ‘aníos’ freisin. D’úsáid Tara an staighre sa halla chun iad a mhíniú dúinn.

 

Iúil 22, 2017

Ar maidin, thóg muid an bus go dtí Mainistir na Coille Móire. Tá sé go han-álainn ann. Tá mainistir, séipéal, agus másailéam ann. Tá an mhainistir in aice le loch agus le sliabh. Bhí an aimsir go breá inniu freisin. Thóg mé go leor grianghraf ann. Cheannaigh mé féilire do mo sheanmháthair ann, agus cúpla cárta poist. Ina dhiaidh sin, thóg an bus sinn go dtí an Clochán. Cheannaigh mé dhá leabhar sa siopa beag: Legendary Ireland agus Redemption Road.

 

Iúil 23, 2017

Bhí lá saor againn inniu. Shiúil mise, Rachael, Lindsay, agus Erin go dtí Trá an Dóilín sa tráthnóna. Bhí an aimsir foirfe don trá. Agus is í seo an trá is fearr liom. Is breá liom í. Chonaic muid daoine eile ón gcúrsa ar an trá. Chaith muid cúpla uair leo ag an trá. Bhí sé chomh hálainn sin.

 

Iúil 24, 2017

Bhuail muid lenár múinteoir nua ar maidin. Is cosúil gur duine deas é. Dónall is ainm dó. Tá mo rang agus an t-ardrang sa seomra céanna, is maith liom a bheith ag éisteacht leis na daoine sa rang eile ag caint. Tá damhsa ar an Sean-Nós sa scoil anois. Rachainn dá dtaitneodh damhsa liom, ach ní maith liom a bheith ag damhsa.

 

Iúil 27, 2017

Bhí scrúdú againn sa tráthnóna. Bhí imní ar go leor daoine. Bhí beagán neirbhíse orm ach bhí sé ceart go leor. Ní raibh ann ach comhrá chúig nóiméad le Gearóidín agus Dónall. Ceapaim gur éirigh go maith liom sa scrúdú. Ar a hocht a chlog, bhí céilí againn san Acadamh. Mhúin Hilaraí Nic Cába cúpla damhsa dúinn. Ní maith liom a bheith ag damhsa ach fós thaitin an céilí liom. Ina dhiaidh sin, chuaigh muid ar ais chuig an teach tábhairne i Ros an Mhíl.

 

Iúil 29, 2017

Thógamar an bád farantóireachta go hInis Oírr ar maidin. Bhí an aimsir an-ghaofar agus beagán fuar. Bhí mé i mo sheasamh taobh amuigh, thuas ar an mbád. Bhuail go leor tonnta mé agus chuaigh an sáile go craiceann ionam. Ar an oileán, bhí turas againn agus shiúil muid go dtí Caisleán Uí Bhriain. Tá radharc an-álainn ón gcaisleán. Is féidir Aillte an Mhothair a fheiceáil ón gcaisleán. Bhuail muid le cat ar an mbealach ar ais anuas. Bhí sé gleoite. Cheannaigh mé faoiste seácláide agus geansaí corcra i siopa beag. Tá deilf ag Inis Oírr. Chonaic mé í nuair a d’fhág mé an bád farantóireachta. Bhí cuma shásta uirthi. Thóg mé go leor grianghraf di agus den chaisleán.

 

Lúnasa 2, 2017

Rinne muid staidéar go leor ar an Modh Coinníollach inniu. Ach ceapaim go dtuigim é agus a rialacha anois. Rinne muid samplaí go leor agus chaith muid a lán ama air. Bhí mé ag iarraidh an Modh Coinníollach a fhoghlaim ag deireadh na bliana scoile, mar sin tá mé sásta. Beidh scrúdú béil againn amárach ar a leathuair tar éis a dó. Níl imní orm faoi. Ceapaim go mbeidh sé go maith.

 

Lúnasa 3, 2017

Bhí mo scrúdú go breá! Den chuid is mó, bhí ár gcomhrá dírithe ar an turas go hInis Oírr, agus cúpla ceist eile. Sílim go raibh an scrúdú seo níos fearr ná an chéad cheann. Ar a hocht a chlog anocht, chuaigh muid go dtí an halla do “Oíche Airneáin”. Bhí cúpla ceoltóir ag seinm uirlisí ceoil, cosúil leis an bpíb,  an fhliúit, an giotár, agus an cairdín. Bhí go leor daoine ag damhsa freisin. Bhain mé go leor taitnimh as an oíche. Bhí am an-mhaith againn. Tar éis sin, chuaigh roinnt daoine chuig an teach tábhairne i Ros an Mhíl, ach bhí tuirse an domhain orm agus tá slaghdán orm, mar sin ní dheachaigh mé ann.

 

Lúnasa 4, 2017

Tá mo shlaghdán beagnach imithe! Tá sceitimíní orm mar is fuath liom é nuair a bhíonn slaghdán orm. Agus ní maith liom losainní casachta níos mó. Tá muid ag dul go Gaillimh amárach. Is aoibhinn liom Gaillimh. Is áit dheas í. Stadfaidh muid ag Ceardlann an Spidéil ar an mbealach go Gaillimh freisin.

 

Lúnasa 5, 2017

Shiúil mise agus Rachael timpeall na Gaillimhe inniu. Chonaic muid Ard-Eaglais Mhaighdean na Deastógála agus Naomh Nioclás mar sin í an áit ar fhág an bus muid. Shiúil muid go dtí an Fhaiche Mhór agus rinne Rachael go leor siopadóireachta in Penneys. Ina dhiaidh sin, chuaigh muid go dtí siopa milseán. Cheannaigh mé an iomarca jellybeans, ach tá mé an-sásta anois. Tá siad an-bhlasta. D’ith mé píotsa blasta don lón ag an mbialann “High Café”. Agus ansin, bhí Rachael ag iarraidh dul chuig siopa leabhar, mar sin chuaigh muid chuig trí cinn acu. D’fhág an bus ar a sé a chlog, agus ar an mbealach ar ais go dtí An Cheathrú Rua, chonaic muid bogha báistí mór. Bhain mé taitneamh as an lá.

 

Lúnasa 6, 2017

Inniu, chuaigh muid ar thuras go hAillte an Mhothair, agus stad an bus ag Caisleán Dhún Guaire agus Aill Bhuí (is uaimh í). Bhí radharc breá ar an mbealach ann. Bhí gach rud go hálainn. Thóg mé go leor grianghraf den Chaisleán agus na hAillte. Bhí an aimsir beagán gaofar, ach ní raibh sé ródhona. Bhí na huaimheanna an-suimiúil. Nuair a shroich muid na hAillte, shiúil mise agus cúpla duine eile ar an gcosán ar feadh dhá uair. Tá an-tuirse orm anois.

 

Lúnasa 8, 2017

D’fhreastail mé ar scoil ar maidin, ach d’fhag mé ag am sosa mar bhí mé róthinn. Chodail mé an lá ar fad, ach chuaigh mé amach go dtí An Chistin ar feadh uaire sa tráthnóna don uair dheireanach ar an gcúrsa. Bhí sé craiceáilte. Is maith liom dul go dtí An Chistin.

 

Lúnasa 9, 2017

Bhí an scrúdú béil deireanach againn inniu. Bhí mé beagán neirbhíseach ach ní raibh sé ródhona. Agus roimh an scrúdú, bhreathnaigh muid ar scannán beag faoi David Bowie. Tar éis dinnéir, shiúil mise, Rachael, Erin, agus Lindsay chun aghaidh na farraige chun breathnú ar luí na gréine. Bhí sé an-álainn. Aireoidh mé an áit seo uaim.

 

Lúnasa 10, 2017

Inniu an lá deireanach ranga. D’fhoghlaim muid píosa beag faoin Tuiseal Ginideach iolra agus píosa beag faoi na saorbhriathra. Bhí siad an-suimiúil. Sa tráthnóna, chuir muid bréagfheisteas orainn agus chuaigh muid isteach sa Halla don dinnéar mór. Agus tar éis dinnéir, bhí daoine ag seinm cheol traidisiúnta agus bhí daoine go leor ag damhsa agus bhí cúpla duine ag gabháil ceoil freisin. Bhí an-saol agam. Chuir an bunrang dráma beag ar siúl dúinn. Bhí siad craiceáilte, agus rinne siad an-jab. Ar a haon déag, chuaigh muid chuig an teach tábhairne i Ros an Mhíl chun an oíche dheireanach a cheiliúradh. Tá an bus ag teacht ar a deich a chlog maidin amárach chun muid a thógáil ar ais go Gaillimh. Níl mé ag iarraidh an Cheathrú Rua a fhágáil.

 

Lúnasa 11, 2017

Tá mé ar an mbus go Gaillimh anois. Thóg muintir mo thí grianghraf de Lucy agus d’fhág muid slán aici. Tá an-bhrón orm anois agus bhí cúpla duine ag caoineadh níos luaithe. Cronóidh mé an áit seo go mór, is breá liom é anseo. Tá súil agam gur féidir liom teacht ar ais go luath!