Cruinniú 2014: Fóram d’Fhoghlaimeoirí, do Mhúinteoirí agus do Chainteoirí Idirnáisiúnta Gaeilge
Click here for English Language Version
Tá an-áthas orainn, le tacaíocht ó Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Rialtas na hÉireann, ó Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann agus Cheanada [ICUF], ó Choimisiún [Fulbright] na hÉireann – na Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil, agus ó Údarás na Gaeltachta, a fhógairt go mbeidh
Cruinniú 2014: Fóram d’Fhoghlaimeoirí, do Mhúinteoirí agus do Chainteoirí Idirnáisiúnta Gaeilge
ar siúl ó Dé Domhnaigh go Déardaoin, 15-19 Meitheamh 2014
in Óstán Chois Fharraige, na Forbacha, Co. na Gaillimhe.
Tionóil uathúil é Cruinniú 2014 d’fhoghlaimeoirí, do mhúinteoirí agus do chainteoirí Gaeilge atá thar lear chun ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga, chun dul i dteagmháil lena hoidhreacht, agus le plé a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaimid todhchaí agus forás na teanga a mhúnlú ar oileán na hÉireann agus go hidirnáisiúnta.
Tá Cruinniú 2014 dírithe ar mhúinteoirí agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge arna maoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go díreach nó trí ICUF/Fulbright, ach níl cosc ar rannpháirtithe eile. Tá dréachtchlár faoi iamh leis seo. Tá sé d’aidhm againn seisiúin Chruinniú 2014 a reáchtáil as Gaeilge agus as Béarla, agus go mbeadh an meascán teangacha bunaithe ar na rannpháirtithe féin. Cinnteoidh sé seo réimse leathan rannpháirtíochta sa phlé agus sna himeachtaí.
Is é €400.00 an táille chlárúcháin, bunaithe ar bheirt ag roinnt seomra, agus áireoidh sé sin an lóistín, lónadóireacht agus freastal ar sheisiúin uile Chruinniú 2014. Breithneofar rátaí lae / seisiúin freisin. Beidh na rannpháirtithe freagrach as taisteal chuig Óstán Chois Fharraige. Tá muid ag fiosrú táillí speisialta do thicéid eitleáin agus d’aistrithe ó aerfoirt go Gaillimh. Tá tuilleadh sonraí faoi chlárú, faoin gclár, faoi tháillí eitleáin agus faoi dheiseanna scoláireachta ar fáil anseo.
Idir an dá linn, tá súil againn go mbeidh tú in ann:
- cuimhneamh ar fhreastal ar Chruinniú 2014 agus léiriú do colleen.dube@fulbright.ie go bhfuil spéis agat sa chomhdháil faoin 31 Eanáir 2014
- an scéal a scaipeadh ar rannpháirtithe féideartha eile
- aon cheist nó moladh atá agat faoin gclár a sheoladh go colleen.dube@fulbright.ie nó james.kelly@icuf.ie
Beir bua agus beannacht,