Ó Chontae an Chláir go Ceartlár na Cathrach

Teagascóir Gaeilge ICUF, Síle Concannon, leis an Ambasadóir JIm Kelly
Tá an duilliúir a chur anois anseo in Ottawa. Na mílte duilleog, iad dearg, oráiste agus buí, ag foluaineach leo isteach i gCanáil Rideau, an chanáil chéanna a thóg na mílte Éireannach ó 1826 ar aghaidh. Is deas an rud é siúl cois canála agus mé ar mo bhealach go dtí an Ollscoil chun an Ghaolainn a mhúineadh, mar níl amhras ar bith ann ach go bhfuil fréamh agus fuil den Éireannach le braith sa chathair seo i gcónaí.
Tá mé in Ottawa le beagnach ocht seachtaine anois ach braithim gur anseo atá mé le fada an lá. Is de bharr an phobail iontach, Gaelach atá go smior sa chathair seo é sin, dar liom.
In Ollscoil Ottawa tá beagnach caoga dalta ag foghlaim na Gaolainne den chéad uair riamh. Chuirfeadh sé gliondar ar chroí féachaint cé chomh dearfach, dícheallach ‘is atá na daltaí i leith na Gaolainne sa rang. Tosaítear gach rang le fiche nóiméad de stair na tíre de ghnáth, díreach chun léargas a thabhairt ar na dúshláin a bhí (agus atá fós) in aghaidh na tíre agus an fáth go raibh ar mhuintir na hÉireann teacht go Meiriceá Thuaidh. Ansin, bíonn craic agus beocht sa rang i dtaobh foghlaim na teangan de. Is mór an onóir domsa an Ghaolainn a roinnt leis an ndream seo a bhfuil, cosúil leis an gcathair féin, fréamh den Éireannach iontu. Tá cuma ar an scéal go bhfuil nasc agus ceangail á lorg acu idir an áit atá siad ag cur futhú fé láthair agus an áit gurb as dóibh agus a muintir. D’fhéadfaí a thuairimiú gur slí choincréiteach í an Ghaolainn a fhoghlaim dóibh chun an nasc sin a dhéanamh. Seo sampla d’athfhriotal ó mhac léinn amháin i mo rang tar éis aiste a scríobh dom fé chultúr na hÉireann in Ottawa:
‘Ireland is not just a geographical location, but rather, it is wherever the Irish spirit presides’
D’fhág an athfhriotal seo an-rian go deo orm agus b’fhiú dúinn go léir, i mbaile nó i gcéin smaoineamh ar a leithéid.

Teagascóir Síle Concannon leis an Aire Stáit Patrick O’ Donovan i dtigh an ambasadóra
Lasmuigh den ollscoil tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann Ottawa anseo. Cuireann siad ranganna rince, ranganna teanga agus céilithe ar siúl. Mé féin a bhíonn i mbun cúpla rang a mhúineadh leo gach seachtain agus is deas an rud é bheith ag múineadh grúpa go bhfuil an Ghaolainn acu ar an meánleibhéal. Daoine as Éirinn a d’fhoghlaim a gcuid Gaolainne ar scoil, daoine a dhein iad féin a féinmhúineadh agus daoine eile a bhfuil ranganna tógaithe acu cheana a bhíonn i gceist.
Tá Ambasáid na hÉireann i lar na cathrach chomh maith agus daoine atá ar a ndícheall ag obair ar son na trádala agus na turasóireachta. Bhí deis agam buaileadh leis an ambasadóir féin cúpla babhta, an fear uasail, Jim Kelly, agus is i nGaolainn a labhraíomar den chuid is mo, rud eile a bhí mar chúis bhróid dom.
Ta ionad eile ar leith thíos fén mbaile, St. Brigid`s Centre for the Arts an t-ainm atá air agus Eaglais Chaitiliceach díchoisricthe atá ann. Ta spriod na nGael le brath go láidir san ionad mar bunaíodh an Eaglais sa 19ú aois do mhuintir na ndaoine a tháinig go Ceanada chun na canála a thógáil agus dóibh siúd a thánaig in ndiaidh an Ghorta Mhóir. Bíonn ócáidí éagsúla ar siúl ann gach seachtain.
Is fiú a lua, mar fhocal scoir, go bhfuil fláithiúlacht agus sochroícht na nÉireannach fós iontu siúd a tháinig go hOttawa agus atá ina gcónaí anseo anois. Cuireadh fáilte agus fiche romham i dtigh Uí Bhriain don chéad chúpla seachtain nuair a leag mé mo chos ar thalamh Cheanada. Is mar thoradh ar a bhfáilte mór gcroí go bhfuilim chomh socair, sona agus sásta sin in Ottawa.
Deirtear liom go mbeidh an chanáil reoite faoin Nollaig agus go mbeidh deireadh leis na duilleoga ansin. Ach, dáirire is cuma cén séasur a bheidh linn, ní bheidh deireadh le cuimhne na nÉireannach sa chathair álainn seo go deo.