News

Tuairisc ó Ottawa, Ontario

February 5, 2019

********

Is féidir cur isteach ar an gClár Gaeilge 2019-20 anois (spriocdháta 24ú Feabhra). Le hiarratas a chur isteach, cliceáil anseo.

********

Trí thinfeadh an Fhómhair, ar theacht an Gheimhridh, agus mé sa tarna bhliain anseo ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Ottawa fé Fhondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada, tá gliondar fós ar mo chroí agam. In ainneoin gur brat sneachta atá fúm anois seachas na duilleoga corcardhearga, is cuma cén cosán dearg atá á shiúil agam nó cén séasúr atá ann, bím ag tnúth, gach lá, leis an lá ar an ollscoil.

Tá mé ag múineadh dhá modúl fé láthair; an chéad cheann ná ‘An Ghaeilge agus Cultúr na hÉireann’ (CLT1111). Is iontach an ní é féachaint ar an dílseacht atá sna mic léinn i leith na teanga ach go háirithe, tuigeann siad gur gné inláimhsithe dá n-oidhreacht í an Ghaeilge. Chuirfeadh sé bród ar Éireannach ar bith (agus beagán náire, b’fhéidir) an méid atá foghlamtha ag an rang lastigh de seimeastar go leith. Tá na mic léinn ag foghlaim fén bhFiannaíocht fé láthair agus faoi Fionn MacCumhaill agus an Bradán Feasa. Chomh maith leis sin, mar chuid den rang, dhear na mic léinn fógráin don bhfeachtas #TrasnanadTonnta agus beidh Pop-Up Gaeltacht ar siúil an Aoine beag seo (8ú Feabhra) mar chríoch ar an bhfeachtas.

An tarna modúl atá á dhearadh agus á mhúineadh agam ná CLT3330 dár teideal The ‘Troubles’ in Northern Ireland and the Peace Process. Bheartaigh mé gur gné thábhachtacht í ar na saolta deireanacha i Stair na hÉireann agus gurb fhiú í a bheith mar chuid den Léinn Ceilteach san ollscoil.

Níl deireadh leis na buntáistí a bhaineann le saol an mhúinteora Ghaeilge i gCeanada, ní hamháin lastigh den ollscoil féin ach lasmuigh de. Fuaireas buataisí don scátáil oighir mar bhronntanas anuraidh agus bíonn deis agam dul ar an gcanál Rideau ag scátáil ag deireadh an lae, mar nuair a reoann an canál sa Gheimhreadh, is láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO é agus is é an rinc scátála is mó ar domhan é leis!